Ag seo téarmaí seoltóireachta a bhaineann le longa adhmaid agus le báid. Ní bhíodh de cheangal idir Éire agus tíortha eile ach na longa, agus tá Éire féin lán de lochanna agus d’aibhneacha. Fágann seo go bhfuil an teanga breac le téarmaíocht seoltóireachta agus loingseoireachta agus cuid di tugtha isteach ón Lochlainnis agus ón mBéarla trí lonnaitheoirí ón iasacht.